Jump to content

Kamala Harris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKamala Harris

(2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Kamala Devi Harris
20 Deireadh Fómhair 1964
59 bliana d'aois
Ionad Leighis Oakland, California Cuir in eagar ar Wikidata
49 Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe
20 Eanáir 2021 –
← Mike Pence
Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2021 – 18 Eanáir 2021 (éirí as)Alex Padilla →

Toghcheantar: California Class 3 senate seat (en) Aistrigh

Vice-president-elect (en) Aistrigh Stáit Aontaithe Mheiriceá
7 Samhain 2020 – 20 Eanáir 2021
Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2019 – 3 Eanáir 2021

Toghcheantar: California Class 3 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2017 – 3 Eanáir 2019
← Barbara Boxer

Toghcheantar: California Class 3 senate seat (en) Aistrigh

32 Attorney General of California (en) Aistrigh
3 Eanáir 2011 – 3 Eanáir 2017
← Jerry BrownXavier Becerra →
27 San Francisco District Attorney (en) Aistrigh San Francisco District Attorney's Office (en) Aistrigh
8 Eanáir 2004 – 3 Eanáir 2011
← Terence HallinanGeorge Gascón (en) Aistrigh →
Deputy district attorney (en) Aistrigh Contae Alameda, California
1990 – 1998 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachSouth Asian Americans (en) Aistrigh, Meiriceánaigh Afracacha, Jamaican Americans (en) Aistrigh, Tamil Americans (en) Aistrigh, Indian Americans (en) Aistrigh agus Meiriceánach ilchiníoch
ReiligiúnBaisteachas
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of California College of the Law, San Francisco (en) Aistrigh - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (–1989)
Ardscoil Westmount (–1981)
Ollscoil Howard - eolaíocht pholaitiúil, eacnamaíocht (–1986)
F.A.C.E. School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht sa dlí-eolaíocht
Baitsiléir Ealaíon
Áit chónaitheNumber One Observatory Circle (en) Aistrigh
Los Angeles
San Francisco
Washington, D.C.
Montréal
West Berkeley (en) Aistrigh
Oakland, California
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach agus Béarla
Airde1.57 m Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreCriminal justice (en) Aistrigh, ionchúiseamh, polaitíocht agus dlí
Suíomh oibre San Francisco
Sacramento
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, saineolaí dlí, ionchúisitheoir, dlíodóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCalifornia Department of Justice (en) Aistrigh (2011–2017)
San Francisco District Attorney's Office (en) Aistrigh (2004–2011)
San Francisco District Attorney's Office (en) Aistrigh (1998–2000) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ainm cleite賀錦麗
Hạ Cẩm Lệ
Hạ Cẩm Ly Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Béarla Meiriceánach
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachFamily of Kamala Harris (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileDoug Emhoff (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíWillie Brown, Jr. (en) Aistrigh (1994–1996) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonald J. Harris  agus Shyamala Gopalan
SiblínMaya Harris
Duine muintearthaTony West (deartháir céile)
Meena Harris (neacht)
Cole Emhoff (leasmhac)
Ella Emhoff (leasiníon)
Sharada Balachandran Orihuela (female first cousin (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
21 Iúil 2024Kamala Harris 2024 presidential campaign (en) Aistrigh
Cúis leis seo: withdrawal of Joe Biden from the 2024 United States presidential election (en) Aistrigh
2020 Democratic Party vice presidential candidate selection (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Kamala Harris (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinwhitehouse.gov… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3668431 Rottentomatoes: celebrity/kamala_harris Allmovie: p899690 Metacritic: person/kamala-harris
Facebook: KamalaHarris Twitter: KamalaHarris Instagram: kamalaharris Snapchat: kamalaharris Youtube: UCe1ciA1TDa5F9K6Ufr_6Fsw Flickr: 158848119@N08 iTunes: 423079475 Last fm: Kamala+Harris Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Kamala Devi Harris, a rugadh ar 20 Deireadh Fómhair 1964 in Oakland, California, leasuachtarán na Stát Aontaithe agus iar-sheanadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá sóisearach ó California. Is ball den Pháirtí Daonlathach í. Is í Harris an chéad bhean, an chéad duine den chine dubh agus an chéad Mheiriceánach de bhunadh na hÁise a toghadh ina leasuachtarán ar Mheiriceá.[1]

Harris timpeall 2005-2007
Harris mar Ard-Aighne, 2010
2015-2016
3 Eanáir 2017, Seanad na Stát Aontaitheː ghlac Harris mionn oifige le Joe Biden, ar dheis
lena fear céile (Giúdach) in Yad Vashem, Iosrael in 2017; leag siad bláthfhleasc agus shínigh siad leabhar comhbhróin
Bród San Francisco 2019

Rugadh Harris in Oakland, California. Tá cúlra spéisiúil ag Harris, de bhunadh na Mara Cairib, oileán Iamáice agus dheisceart na hIndia.[2][3]

Bhain Harris céimeanna amach ó Ollscoil Howard[4] agus Hastings College of the Law[5] (Ollscoil California).

Chaith Harris roinnt blianta mar Ard-Aighne i gCalifornia. Thuill sí cáil mar bhean a bhí géar ar choiriúlacht.  Le linn na tréimhse sin, chuir sí aithne ar mhac le Joe Biden, Beau, nach maireann, a bhí ina Ard-Aighne in Delaware.

Toghadh ina Seanadóir í in 2016, an dara bean den chine gorm i Seanad na Stát Aontaithe.

Leasuachtarán na Stát Aontaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 11 Lúnasa 2020, d'fhógair Joe Biden gurb í a rogha mar iarrthóir an Pháirtí Daonlathach ar leasuachtarán na Stát Aontaithe, in éineacht leis féin sa toghchán uachtaránachta ar 3 Mí na Samhna 2020.

Ise an chéad duine de shliocht Afracach agus an chéad duine de shliocht Áiseach le bheith ainmnithe don phost sin ag ceann de na mórpháirtithe sna Stáit Aontaithe.[6]

I mí na Márta 2024, d’achainigh Harris go láidir ar Iosrael níos mó a dhéanamh chun cúnamh daonnúil a chur ar fáil do Stráice Gaza, mar a bhfuil, a dúirt sí, “géarchéim dhaonnúil” ag tarlú. Bhí caint Harris ar cheann de na ráitis is láidre ag polaiteoir sinsearach i rialtas SAM ó thosaigh an choimhlint Iosrael-Gaza.[7]

Ní go rómhaith a d’éirigh léi sna pobalbhreitheanna d’fhormhór na tréimhse a bhí caite aici sa Teach Bán. Is deacair do leasuachtarán a lorg féin a fhágáil ar an bpost ach is léir go bhfuil Harris níos ciúine ná mar a bhí go leor a chuaigh roimpi. Níl preas Mheiriceá an-tógtha léi. Bhí cuid mhaith cainte sa bPáirtí Daonlathach féin faoina cuid scileanna iomlána, agus a pearsantacht agus a cumas caidrimh agus ceannaireachta. Cinnte bhí níos mó mionscrúdaithe dá dhéanamh ar Harris ná mar a tharla do dhaoine eile sa bpost sin (an chéad leasuachtarán ban, an chéad Mheiriceánach Afracach agus an chéad Mheiriceánach Indiach a ina leasuachtarán).[8]

Feachtas 2020

Toghchán Uachtaránachta 2024

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 21 Iúil 2024, d'fhógair Joe Biden nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh don Uachtaránacht 2025-2029.[9] Dúirt Harris gurb é a mian ná ainmniúchán a páirtí don toghchán uachtaránachta “a shaothrú agus a bhuachan” agus thug Biden a bheannacht láithreach do Harris mar iarrthóir.[1]

Ní raibh cáil mhór ar Harris riamh ó thaobh an chumais polaitíochta ach bhí sí ina leasuachtarán le ceithre bliana agus an t-airgead taobh thiar di. Is bean í freisin a mbeadh tacaíocht láidir aici i measc na mban agus i measc daoine gorma mar gur den chúlra sin í féin.[10]

Agus í caoga bliain d'aois sa bhliain 2014, phós Harris dlíodóir eile, Doug Emhoff (Giúdach, a rugadh in 1964 chomh maith). Tá Harris gan chlann ach d'uchtaigh sí páistí Emhoff.

Is Baisteach í.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "‘Déanfaidh mé an t-ainmniúchán a shaothrú agus a bhuachan’ – Kamala Harris" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-22). Dáta rochtana: 2024-07-22.
  2. "Tús feachtais inniu agus Kamala Harris roghnaithe mar leathbhádóir ag Joe Biden i rás na huachtaránachta i Meiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-12.
  3. "Cathair bhocht í ina bhfuil pobal mór den chine gorm agus an t-uafás bochtanais agus daoine gan dídean." Tuairisc.ie
  4. "Howard University" (as en) (2020-08-12). Wikipedia. 
  5. "University of California, Hastings College of the Law" (as en) (2020-08-12). Wikipedia. 
  6. "Joe Biden picks Kamala Harris as his running mate".
  7. "Dianscrúdú á dhéanamh ar Kamala Harris, bíodh sé cóir nó ná bíodh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-22). Dáta rochtana: 2024-07-22.
  8. Máirtín Ó Catháin (22 Lúnasa 2023). "Dianscrúdú á dhéanamh ar Kamala Harris, bíodh sé cóir nó ná bíodh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-22.
  9. Nuacht RTÉ (2024-07-22). "Biden éirithe as an iomaíocht ach dúshláin fós roimh Harris" (as ga-IE). 
  10. Pól Mac Donncha (21 Iúil 2024). "Is cosúil go bhfuil a rás rite ag Joe Biden" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-22.